Rugadh John i mBaile Átha Cliath ar an 4ú lá Lúnasa 1959 agus oileadh é i gColáiste Naomh Mainchín i Luimneach, COBÁC(UCD) agus in Ollscoil Freiburg sa Ghearmáin.
Chuaigh sé san iomaíocht in olltoghchán don chéad uair i 1989. Toghadh é chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i 1991 agus bhí sé mar Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath ó 1994-1995. Toghadh é chun na Dála i Meitheamh 1997.
Tá sé mar údar ar The Green Guide for Ireland, Cló Wolfhound 1990.
Bhí go leor post aige sa Chomhaontas Glas go dtí seo agus é mar Stiúrthóir Feachtais ar an bhfeachtas rathúil i gcoinne toitcheo sna 1980idí, mar shampla. Tá sé mar Urlabhraí an Pháirtí faoi láthair ar Ghnóthaí Eachtracha, Cosaint, Sláinte agus Leanaí. Tá sé ina bhall de Earthwatch, Amnesty International agus den Institiúid Chairte do Bhainistiú Uisce.
Tá go leor billí príobháideacha tugtha isteach chun na Dála ag John mar Theachta Dáil. Ina measc bhí an Bille um Chaomhnú Fuinnimh agus an Bille um Laghdú Thrácht na mBóithre.
Bhí sé de bhua aige gurbh é an chéad ionadaí tofa in Éirinn a raibh seoladh ríomhphoist aige/aici - johngormley@eircom.net
Tá John pósta le Penny Stuart. Tá iníon agus mac amháin acu agus tá siad ina gcónaí ag 119 Páirc na Rinne, An Rinn, Baile Átha Cliath 4.
Is féidir dul i dteagmháil le John Gormley TD ag Teach Laighean, Baile Átha Cliath 2.