Toghadh Éamon chuig Dáil Éireann i mBealtaine 2002. Is é tionólaí an fhreasúra ar Chomhchoiste an Oireachtais um Chumarsáid, Acmhainní Muirí agus Nádúrtha agus is é urlabhraí an pháirtí sa réimse seo, agus ar Iompar, Fiontar, Trádáil agus Fostaíocht. Sular toghadh é bhí dhá ghnó á reáchtáil aige, Irish Cycling Safaris agus Siopa Rothar Belfield. Bhunaigh sé an dá ghnó seo é féin. Bhí sé mar chathaoirleach agus mar bhall gníomhach de Fheachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath agus bhí sé ar an gcoiste comhairleach d?Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath ó 1995 go dtí 2002.
Ó toghadh é, tá trí bhille foilsithe agus pléite ag Éamon sa Dáil, faoi Údarás Iompair Náisiúnta, srianú ar fhógraíocht dramhbhia do pháistí agus ar spriocanna náisiúnta d?athrú aeráide a bhunú. Is é tionólaí Ghrúpaí an Chomhaontais Ghlais ar Pholasaí Fuinnimh agus Iompair.
Tá Éamon pósta leis an scríbhneoir Victoria White agus tá ceathrar clainne acu.