Tá Mark Dearey ina chomhairleoir leis an gComhaontas Glas ó 2004 agus sa tréimhse sin tá éirithe leis rudaí móra a bhaint amach ina thoghlach féin i nDún Dealgan chomh maith le réimse leathan d?ábhair eile leis an bpáirtí go náisiúnta. Dhírigh aird an phobail air i gContae Lú don chéad uair i 1994, nuair a ghlac sé féin agus triúr eile caingean dlí i gcoinne Breoslaí Núicléacha na Breataine Teoranta (BNFL), chun stop a chur le hathphróiseáil ag Sellafield. Tá an caighean dlí sin ar siúl go fóill agus tá aird á díriú go leanúnach ag STAD ar an mbaol a bhaineann le hathphróiseáil ar bhreosla núicléach, ar na roghanna eile atá ann i gcodarnacht leis an athphróiseáil, agus ar an easpa práinne atá ar an rialtas chun cás na hÉireann a chur chun cinn.
Ag tús na 1990idí bhí Mark ag múineadh i gColáiste Éanna i mBaile Átha Cliath, sular chas sé ar an ngairneoireacht orgánach, rud atá ar siúl aige le 9 mbliana anuas anois. Ansin thug Mark faoi deara go raibh deis gnó ann i réimse na siamsaíochta agus d?infheistigh sé airgead san ionad ceoil agus beár cáiliúil, The Spirit Store, i nDún Dealgan, áit atá in úinéireacht agus atá á bhainistiú aige go fóill. Déanann sé é seo in éineacht lena chuid oibre sa Chomhairle, ina bhfuil go leor torthaí suntasacha bainte amach aige.
Tá sé go mór chun tosaigh ina chuid tacaíochta do phóilíneacht sa phobal agus scríobh sé an aighneacht chuig an bhFóram Cirt i leith an ábhair seo, thar ceann na Comhairle Baile i nDún Dealgan. Tá sé chun tosaigh san obair chun Grúpa Gníomhaíochta Drugaí a chruthú le dul i ngleic le húsáid Drugaí Aicme A i nDún Dealgan agus tá sé mar stiúrthóir ag Turas, an tseirbhís comhairleoireachta andúile. Tá sé ar dhuine de bhunaitheoirí Mhargadh Feirmeoirí an Iúir/Dhún Dealgan, mar chathaoirleach ar Choiste athbheoite Lá Fhéile Pádraig. San áireamh leis sin, tá sé go mór chun tosaigh ina chuid tacaíochta do ghnólachtaí beaga, ach go háirithe i gcúrsaí iompair agus fuinnimh chomh maith le bheith ag tacú le cur ar fáil na nEalaíon sa phobal.
Creideann Mark dá mhéid an fhadhb, go mbíonn réiteach praiticiúil uirthi i ngar dúinn ? ní gá ach anailís cheart agus obair dhian chun é a chur i gcrích. Mar thoradh air seo, tá cáil ar Mark as rudaí a chur i gcrích i gceart. Tá Mark pósta le Laura, atá ina radagrafaí agus í ag obair ar chóireáil ailse.