Home / Daoine / Trevor Sargent




Trevor Sargent ( TD )

Trevor Sargent TD












Eolas Teagmhála

Guthán: 01-8900360
Guthán: 01-6183465 (Dáil)
Guthán: 01-8900361
Ríomhphost: tsargent@greenparty.ie
Leathanach Baile: http://www.greenparty.ie/trevorsargent

Seoladh

Seoladh Poist: 35 An Phríomhshráid, Sord, Co. Fhine Gall

Sonraí

Toghadh Trevor Sargent T.D. mar Cheannaire an Chomhaontais Ghlais ag Comhdháil Ceannaireachta speisialta i gCill Chainnigh ar an 6ú lá Deireadh Fómhair 2001. Tá sé ina bhall den Chomhaontas Glas ó 1982 agus tá sé ina Theachta Dála le thart ar deich mbliana anuas.

Tá sé ina ghníomhaíoch timpeallachta díograiseach ó thús na 1980idí, nuair a tháinig sé ar an tuiscint go raibh ceangal ann idir go leor de na fadhbanna sóisialta práinneacha agus na fadhbanna timpeallachta a bhí ann go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Faoi dheireadh, d?éirigh le Trevor an ghníomhaíocht chuí a d?oir dá fhealsúnacht timpeallachta agus pholaitiúil féin a aimsiú, nuair a chuaigh sé isteach sa Pháirtí Éiceolaíochta (mar a tugadh ar an gComhaontas Glas san am sin) trí Ghluaiseacht Ghlas Chorcaí, nuair a bhí sé ina mhúinteoir i nDún Mánmhaí, Iarthar Chorcaí i 1982.

Ach bhí 1989 ann, sular éirigh leis an gComhaontas Glas aon tionchar suntasach a imirt ar pholaitíocht na hÉireann, nuair a toghadh Roger Garland(Baile Átha Cliath Theas) chuig Dáil Éireann i 1989. Sa bhliain chéanna, d?éirigh le Trevor Sargent vóta níos airde a fháil ná Mary Harney i dtoghcháin na hEorpa, nuair a bhain sé 8.3% den vóta amach i mBaile Átha Cliath.

Toghadh é chuig Comhairle Chontae Átha Cliath taobh istigh de dhá bhliain i Meitheamh 1991 agus toghadh é chun na Dála bliain ina dhiaidh sin i Mí na Samhna 1992, mar T.D. d?Áth Cliath Thuaidh.

Nuair a toghadh é chuig Comhairle Chontae Átha Cliath i 1991, chuaigh se i mbun fiosrúcháin a spreagadh láithreach faoi chinntí pleanála, i gcásanna go raibh amhras ann faoi chaimiléireacht. Tá cáil air mar gheall ar an uair a nocht sé seic anaithnid a fuair sé sa phost, os comhair an tsaoil i seomra na Comhairle. Nuair a d?fhiosraigh sé de na comhairleoirí eile an raibh seic dá leithéid faighte acu siúd chomh maith, ionsaíodh é go fisiciúil. Díríodh go leor airde ar an eachtra seo sna meáin chumarsáide agus tosaíodh fiosrú ansin, a raibh na binse fiosraithe pleanála mar thoradh air.

Toghadh é chuig Dáil Éireann an bhliain ina dhiaidh sin i Mí na Samhna 1992 agus d?éirigh sé as an suíochán a bhí aige ar Chomhairle Chontae Fhine Gall ansin, de réir an pholasaí atá ag an gComhaontas Glas maidir le dé-shainordú. Toghadh an duine a chuaigh ina ionad, ó bhallraíocht an Chomhaontais Ghlais sa bharda céanna i mBaile Brigín. Tá an-mheas air sa Dáil as an rannpháirt chomhsheasmhach a bhíonn aige sna díospóireachtaí agus tá sé mar bhall de dhá Choiste Dála ? Fiontar Poiblí & Iompar agus Oideachas & Eolaíocht. Tá eagraíocht pholaitiúil thar a bheith éifeachtach eagraithe agus forbartha aige in Áth Cliath Thuaidh agus tá sé de cháil air gur oibrí gan staonadh sa dáilcheantar é, a bhíonn i láthair ag an gcruinniú is lú fiú.

Cuireann a chomhghleacaithe sa pháirtí síos air mar dhuine ?tiomanta, iontaofa agus atá go maith mar chuid de fhoireann?. ?Ní tiomantas don pholaitíocht ghlas go Trevor Sargent. Tá sé macánta, díreach ina chuid cainte, agus is oibrí thar a bheith dian é, ach is duine de mheitheal oibre é i ndeireadh na dála chomh maith. Seans gurb é an bua is mó atá aige ná a dhílseacht ? má aithníonn Trevor obair agus tiomantas comhghleacaí leis, seasfaidh sé an fód leis an duine sin.?

?Is minic go léiríonn an tiomantas aige, cur chuige macánta agus díreach maidir le cúrsaí glasa a chur chun cinn, ach éiríonn leis daoine a thabhairt leis mar thoradh ar a dhílseacht agus ar a obair foirne.?

Tá sé mar chomhbhunaitheoir agus mar bhall den bhord ag Sonairte, Ionad Éiceolaíochta Náisiúnta na hÉireann ina aice le Baile Iúiliáin, Contae na Mí. Chomh maith leis sin tá sé ina bhall de Amnesty International, Comhairle na hÉireann i gcoinne Spórt Fola, Comharchumann Bia Bhaile Átha Cliath, Cumann Fheirmeoirí agus Shaothróirí Orgánacha na hÉireann agus an tIontaobhas Orgánach.

Is iar-mhúinteoir agus cainteoir líofa Gaeilge é agus baineann sé sásamh as pionta nó dhó agus ligeann sé a scíth trí léitheoireacht agus siúl.

Ach is é an caitheamh aimsire is fearr leis ná a bheith ag cóiriú an ghairdín orgánaigh thorthúil atá aige agus bíonn sé ag lorg comhairle go minic ón gcraoltóir agus garraíodóir, Stiofán Nutty, faoi na nósanna agus modhanna orgánacha is déanaí.

Tá Trevor Sargent pósta leis an gComhairleoir Heidi Bedell(Baile Brigín) agus tá sé ina chónaí i mBaile Brigín.