Grace O'Sullivan

FPE

Urlabhraí na Mara

An Deisceart
MEPs Ciarán Cuffe and Grace O'Sullivan Convention 2022
Recent Achievements

Environment Action Programme to 2030: Grace was the European Parliament's lead negotiator on this legislation achieving a legal commitment to end fossil fuel subsidies in the EU

Secured the European Parliament's first ever commitment to end bottom-trawling in Marine Protected Areas

Led EU defence of humanitarian workers facing criminalisation for search and rescue

Wrote and passed first EU Resolution calling for establishment of largest Marine Protected Areas in history, in Antarctica

Negotiated largest reform of EU fisheries and fisheries control regulation in a decade

Taithí

Tá triúr clainne agam agus is éiceolaí agus speisialtóir san oideachas comhshaoil mé. Is iarghníomhaí Greenpeace, iarchuradh surfála Éireannach, agus fiontraí glas mé. Tógadh mé i dTrá Mhór, Co. Phort Láirge, agus tá an-suim agam sa dúlra agus sa chomhshaol ó bhí mé óg. Is breá liom an fharraige go háirithe.

Ghlac mé post le Greenpeace nuair a bhí mé 21 bliain d’aois, áit ar chaith mé na chéad 20 bliain de mo shlí bheatha. Thaistil mé farraigí agus aigéin an domhain, ag glacadh páirt i ngníomhaíochtaí ar son na síochána agus an cheartais aeráide. Bhí mé i mo bhall de chriú Rainbow Warrior nuair a bhuamáil Seirbhís Faisnéise Eachtraí na Fraince é i 1985. Leanaim le mo chuid oibre na laethanta seo mar ghníomhaí síochána agus comhshaoil laistigh den réimse polaitiúil.

Tar éis dom trí bliana a chaitheamh mar Sheanadóir, toghadh chuig Parlaimint na hEorpa mé in 2019. Is ball réamhghníomhach de choistí tábhachtacha mé. Tá mé i mo bhall den Choiste um Ghnóthaí Muirí agus Iascach (PECH) agus den Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (ENVI). Tá mé i mo bhall freisin de thoscaireachtaí maidir le Mercosur agus leis an bPalaistín, agus de roinnt idirghrúpaí agus grúpaí oibre, lena n-áirítear an tIdirghrúpa LADTI agus Meitheal Bithéagsúlachta na nGlasach/na Saor-Chomhghuaillíochta Eorpaí, a bhfuil mé i mo chomhchathaoirleach air.

Quote marks

Tá domhan níos inbhuanaithe agus sochaí níos córa uainn, ionas gur féidir linn an éigeandáil aeráide agus bhithéagsúlachta a shárú agus pláinéid níos sábháilte agus níos glaine a chruthú.

Mo thosaíochtaí

Mo phríomhthosaíochtaí ná an cine daonna agus aon bheatha eile ar domhan. D’oibrigh mé mar ghníomhaí comhshaoil i gcaitheamh mo shaoil, ag dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le meath na bithéagsúlachta. Caithfidh an ceartas aeráide a bheith ag croílár chinnteoireacht an rialtais agus aistriú á dhéanamh chuig bealaí maireachtála níos inbhuanaithe. Is tosaíocht leanúnach domsa an obair sna réimsí sin.

De bhreis ar na dúshláin atá romhainn sa chomhrac chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun maireachtáil na beatha ar domhan a chinntiú, caithfimid sláinte agus folláine na sochaí i gcoitinne a chinntiú. Caithfimid bogadh ar aghaidh ó OTI chuig geilleagar inbhuanaithe folláine, áit a bhfuil cearta an duine, cáilíocht na beatha, comhionannas, rochtain ar oideachas agus ceartas sóisialta ina bpríomhchuspóirí polaitiúla.

Ag teacht leis na tosaíochtaí uileghabhálacha atá leagtha amach thuas, tá cosaint agus tacaíocht an domhain nádúrtha – aer, farraige agus talamh i gcroílár mo chuid oibre i bParlaimint na hEorpa, obair atá dírithe ar phríomhchuspóirí na cosanta, an athchóirithe agus na cuntasachta.

Grace O'Sullivan MEP delivers a speech to the European Parliament

Teagmháil

grace.osullivan@europarl.europa.eu