Blog

'Is slí chun rannphartaíocht saoránaigh a fheabhsú í DCC Beta' - An Comhairleoir Séafra Ó Faoláin ar thrialacha beartais phoiblí

4th March 2021
Image
Tables and chairs on the street outside a cafe or restaurant for outdoor dining

Ag an am céanna go bhfuil comhairlí contae ar fud na tíre ag plé leis an bpaindéimeach, trí bheartais poiblí nuálaíoch, tá an chaoi go bhfuil said ag cur na polasaithe nua i gcrích ag athrú freisin. Chonaic muid trialacha ag tarlú in ár mbailte agus ár sráidbhailte, maidir le leagan amach na sráide, rotharbhealaí agus gnóthaí ag oibruí lasmuigh. Is cuideanna iad seo de rabharta nuálaíochta ag tarlú i rialtas áitiúil in Éirinn faoi láthair agus de ghluaiseacht chun trialáil a chur ar bhonn foirmiúil.

Cúpla bliain ó shin, bhunaíodh Dublin City Council Beta, chun smaointe nua a chur i bhfeidhm ar bhonn trialach. Is modh é chun polaisaithe nua a mheasúnú agus a thrialáil ar mhionscála gan an iomarca airgid no ama a chaitheamh orthu. Tá sé úsáideach go háirithe nuair atá an polasaí conspóideach agus nuair nach bhfuil go leor fianaise ar a éifeacht. Gabhann said smaointe ó chuile aon duine, agus mar sin, is slí chun rannphartaíocht saoránaigh a fheabhsú í Beta. Is deis iontach í chun na buntáistí agus na míbhuntáistí a ghabhann leis an bpolasaí a fháil amach roimh cinneadh a dhéanamh ar fheidhmiú iomlán dó. Tháinig cúpla coincheap suntasach as DCC Beta, mar Dublin Canvas, bike bunkers agus street parklets.

Beidh Beta ag teacht go Dún Laoghaire-Rath an Dún CC i gceann cúpla seachtain tar éis bheith ag obair air ar feadh bliain go leith. Táthar ag súil go scaipeann Beta go comhairlí contae eile in Éirinn, agus go mbeidh níos mó trialáil ag tarlú ar an léibhéal náisiúnta. Mar sin, beimid dea-chóirithe chun beith níos aclaí agus chun na cinní móra a dhéanamh sa todhchaí le dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide.

Séafra Ó Faoláin

Leas-Chathaoirleach ar Comhairle Contae Dhún Laoghaire–Ráth an Dúin

Share on