Críostóir Ó Faoláin

Ionadaí Áitiúil
Dún Garbhán
Críostóir Ó Faoláin in Waterford.
Quote marks

Tá rogha soiléir os ár gcomhair, todhchaí ghlas nó todhchaí ar bith. Is fada an bealach atá romhainn, ar aghaidh linn le chéile.

Ba mhaith liom go mbeidh Dún Garbhán mar áit chónaithe shaolta dóibh siúd a chónaíonn ar an taobh seo tíre, áit ina bhfuil daoine in ann clann a thógáil le dínit agus dóchas don saol atá romhainn. 

Mo thosaíochtaí

Tá tréimhse cinniúnach romhainn maidir le gníomh ar son na h-aeráide. Teastaíonn gníomh anois más maith linn a bheith ullamh don éigeandáil aeráide agus cosaint a thabhairt don timpeallacht.

Tá áit chónaithe ag teastáil ón uile duine. Caithfear tithe inacmhainne a sholáthar, agus pobail láidre a threisiú.

Cosáin a fheabhsú, sábháilteacht na rothaíochta a threisiú, iompar poiblí faoin tuath a leathnú ionas go mbeidh seirbhís rialta do gach sráidbhaile, agus rochtain a feabhsú do chách.

Cosaint a thabhairt do thimpeallacht na mara agus athrú cóir a chur ar fáil do phobail chósta. Tacaíocht a thabhairt d'iascaireacht chladaigh agus d'fhorbairt fuinnimh amach ón gcósta.

Is gá an Ghaeilge a fhás mar theanga an phobail i nGaeltacht na nDéise agus mar theanga cumarsáide lasmuigh di. Teastaíonn plean teanga do Phort Láirge. "

Taithí

Rugadh agus tógadh mé faoin tuath i bPort Láirge, díreach lasmuigh de Choill Mhic Thomáisín. Tá cónaí orm anois i nDún Garbhán le mo bhean chéile, Natalia. Is céimí mé de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus oibrím mar bhainisteoir forbartha leis an gcomhlucht forbartha pobail i nGaeltacht na nDéise ó thosaigh mé sa phost sin i mí na Bealtaine, 2015. Is ball deonach de chriú an bháid tarrthála in Heilbhic mé, stiúrthóir agus oifigeach óige le Comhar Creidmheasa na gCarad i nDún Garbhán, agus comhalta boird ar Líonra Phort Láirge um Dhaoine faoi Mhíchumas. 

Journalists with microphones

Teagmháil

Criostoir.Ofaolain@greenparty.ie