Deiseanna fostaíochta agus Intéirneachtaí

An bhfuil tú ag iarraidh a bheith mar chuid dár bhfoireann? Bímid i gcónaí sa tóir ar fhoireann thréitheach; mar sin, coimeád súil ar an leathanach seo go rialta chun cloisteáil faoi réimse leathan deiseanna fostaíochta agus intéirneachtaí.

Current positions

Communications and Administration Officer

The Green Party is seeking to recruit a Communications and Admin Officer to join its shared Oireachtas staff unit based in Leinster House. The successful candidate will provide general administrative support, coordinate activity across party teams and provide internal and external communications support for membership, media and spokesperson activity, linking closely with Green Party HQ & Leinster House operations.

Email a CV and cover letter describing your suitability for the role to Ed Davitt, ed.davitt@greenparty.ie before close of business on Thursday, 23rd of June 2022. Learn more about the role and how to apply at the link below.


Intéirneachtaí

Cláir Intéirneachta an Chomhaontais Ghlais

Tá Ceanncheathrú an Chomhaontais Ghlais tiomanta do réimse leathan deiseanna a chur ar fáil le haghaidh taithí oibre agus intéirneachtaí do mhic léinn (íoctha). Tá intéirneachtaí an Chomhaontais Ghlais curtha le chéile chun rannpháirtíocht sa pholaitíocht a leathnú mar cheann de bhunaidhmeanna an Pháirtí. Tá an Páirtí tiomanta d'obair dhearfach a dhéanamh agus do dheiseanna a chruthú do mhic léinn nach mbeadh an deis chéanna acu páirt a ghlacadh sa phróiseas polaitíochta roimhe seo mar gheall ar chonstaicí sistéamacha áirithe. Roghnófar mic léinn tríd an gcomhpháirtíocht le hinstitiúidí tríú leibhéal agus le heagraíochtaí atá tiomanta don obair dhearfach agus don rochtain.

Beartas

Tacaíonn Ceanncheathrú an Chomhaontais Ghlais le Cairtfhostú Cáilíochta an Aontais maidir le hIntéirneachtaí agus le Printíseachtaí. Cuirfear stipinn ar fáil ag deireadh gach intéirneachta rathúla chun obair na n-iarratasóirí a aithint. Aisíocfar costais taistil atá dearbhaithe, costais chaolmhaireachtála, agus/nó costais a bhaineann leis an obair, ar nós creidmheas gutháin agus/nó úasdátú ar an leathanbhanda.

Is Fostóir Comhdheiseanna é an Comhaontas Glas. Cuirimid comhionannas agus éagsúlacht inscne chun cinn, agus táimid tiomanta do thimpeallacht chuimsitheach a chruthú agus do rannpháirtíocht ghníomhach pholaitiúil a chur chun cinn i measc daoine atá faoi mhíchumas agus daoine ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste. Tabharfar tús áite d'iarratasóirí ó ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste.

Moltar d'institiúidí oideachais agus d'eagraíochtaí pobail a bhfuil spéis acu bheith i gcomhpháirt leis an bPáirtí sa todhchaí ríomhphost agus ráiteas spéise a chur chuig maura.mcmahon@greenparty.ie. Caithfidh scoláirí a bhfuil spéis acu cur isteach ar thaithí oibre agus/nó intéirneachtaí fiosrú a dhéanamh trína gcuid institiúidí oideachais.