Fúinn
Le níos mó ná 40 bliain, tá obair á déanamh ag an gComhaontas Glas chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide, chun ár bpobail a neatú agus níos mó cothromaíochta a bhaint amach in Éirinn.

Is eagraíocht chomhoibríoch chosmhuintire é an Comhaontas Glas a oibríonn chun an aeráid a chosaint, chun tacú lenár bpobail agus chun cothromaíocht a chinntiú in Éirinn. Le 40 bliain anuas, táimid ag obair i gcoinne an rialtais agus mar chuid den rialtas chun athrú a chur chun cinn agus chun aistriú cothrom a chur i gcrích, a chosnaíonn an dúlra agus a spreagann múnla geilleagrach níos cothroime do chách.
Tá 12 TDanna, 4 Seanadóirí, 2 Fheisirí, 45 chomhairleoir agus nach mór 4000 comhalta san eagraíocht ar an oileán. Tá fúinn Éire a chruthú ina bhfuil na tithe níos teo, rátaí níos airde fostaíochta agus teaghlaigh níos sláintiúla. Tír atá sábhailte do pháistí siúl nó rothaíocht chun na scoile agus a bhfuil an t-iompar poiblí go maith inti, é ar fáil ar chostas réasúnta agus ar féidir brath air. Éire ina bhfuil tithe tógtha gar do sheirbhísí poiblí ionas go mbeimid in ann taitneamh a bhaint as lár bríomhar na mbailte. Éire ina bhfuil táirgeadh bia i gcomhréir leis an nádúr, ina bhfuil ár n-aibhneacha glan go leor arís agus ina bhfuil an t-aer sna scamhóga againn thar a bheith glan. Tá ár nguthanna — is é sin, guthanna an Chomhaontais Ghlais — ar an láthair, ag bord na cinnteoireachta, san áit a bhfuilimid ag teastáil.

Misean agus prionsabail
Is páirtí daonlathach é an Comhaontas Glas, agus déanann comhaltaí cinntí tábhachtacha maidir le beartais an pháirtí, maidir le hiarrthóirí le toghadh, agus maidir le rialacha a bhaineann leis an tslí a fheidhmíonn an páirtí.

Ár Stair
Grúpa daoine a raibh fís fhadtéarmach acu d'Éirinn a chosnódh agus a chuirfeadh le timpeallacht nádúrtha, oidhreacht, bithéagsúlacht agus pobail an oileáin a bhunaigh an Comhaontas Glas in 1981.

Comhaontas Glas na hEorpa
Is cuid de Chomhaontas Glas na hEorpa sinn, páirtí polaitiúil Eorpach a thugann páirtithe a bhfuil luachanna Glasa acu le chéile.

Buail le hionadaithe an Chomhaontais Ghlais a oibríonn i bpobail ar fud na hÉireann chun todhchaí níos fearr a chruthú.

Díríonn grúpaí áitiúla ar a bhfuil ar siúl ina gceantar áitiúil agus oibríonn siad le chéile chun feabhas a chur ar a gcuid pobal.
Tá grúpa ilchineálach comhaltaí, ó chúlraí éagsúla, ag an gComhaontas Glas, atá ag comhoibriú ar fhís an pháirtí chun Éire níos fearr a chruthú.
Deiseanna fostaíochta agus Intéirneachtaí
Ónár gcomhaltas, a bhfuil borradh faoi, go dtí ár bhfoireann, oibrithe deonacha agus ionadaithe tofa, tuigeann foireann an Chomhaontais Ghlais an obair chrua agus an gníomhaíochas atá ag teastáil chun athrú ceart a chur i bhfeidhm ar leibhéal sóisialta agus polaitíochta. Má tá na scileanna, an paisean agus an uaillmhian agat a bheith mar chuid den fhoireann sin, seans go bhfuil ról againn duitse.