Marc Ó Cathasaigh

Teachta Dála

Urlabhraí na Coimirce Sóisialaí

Port Láirge
Marc Ó Cathasaigh, Spokesperson for Social Protection
Quote marks

Teastaíonn uaim go mbeidh Cathair agus Contae Phort Láirge ina gceantar ina mbeidh pobail bhríomhara agus athléimneacha, agus inár féidir linn cónaí, obair agus todhchaí a fhorbairt le chéile.

Creidim go bhfuil cumas ag Cathair Phort Láirge a bheith ina ceannaire don Oirdheisceart iomlán, áit inar féidir le daoine ó mhórthimpeall an chontae agus an réigiúin ghinearálta rochtain a fháil ar raon iomlán seirbhísí, ina n-airítear sláinte, oideachas agus fostaíocht. Creidim i sochaí chóir, ina comhoibrímid ar mhaithe le fadhbanna a réiteach, agus ag an am céanna ina déanaimid ár ndaoine is leochailí a chosaint.

Mo thosaíochtaí

Éileamh go gcuirfear príomhsheirbhísí ar fáil i bPort Láirge, idir Chúram Cairdiach 24/7 agus Sheirbhísí Meabhairshláinte in Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge, agus stádas Ollscoile a fháil d’Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.

Athrú claochlaitheach a dhéanamh ar an gcaoi a dtugaimid aghaidh ar an Éigeandáil Aeráide agus Bhithéagsúlachta, le hinfheistíocht mhéadaithe in iompar gníomhach agus poiblí mar aon le hathruithe ar an gcaoi a n-úsáidimid ár dtalamh, a dtáirgimid ár bhfuinneamh agus a ndéanaimid ár dtithe a théamh.

Beocht a chur ar ais i gcroílár ár bpobal uirbeach agus, mar sin, áiteanna chun dul i mbun gnó, ach freisin chun cónaí, sóisialú agus teaghlach a thógáil, a dhéanamh de lár na mbailte agus de shráidbhailte. Creatlach ár bpobal tuaithe a choinneáil trí phoist inbhuanaithe a sholáthar sa Gheilleagar Glas nua.

Pleanáil cheart a dhéanamh do thodhchaí Phort Láirge agus do thodhchaí ár ndaoine go léir, rud a ligfidh dár gcathair agus dár gcontae fás go hinbhuanaithe, agus an fás sin a dhéanamh chun tairbhe dár saoránaigh go léir, agus ní hamháin don bheagán saibhir.

Taithí

Is as Baile na mBuitléarach mé ó dhúchas, ach tá mé ag cur fúm anois i dTrá Mhór le mo bhean chéile agus ár dtriúr buachaillí óga. Ba mhór an onóir dom a bheith tofa ar Chomhairle Phort Láirge sna Toghcháin Áitiúla 2019, ag déanamh ionadaíochta ar an Trá Mhór agus ar Chathair Phort Láirge Thoir. Toghadh mé ansin chuig an 33ú Dáil in Olltoghchán 2020, áit ar mór an onóir dom ionadaíocht a dhéanamh ar mhuintir Chathair agus Chontae Phort Láirge i nDáil Éireann. Is mise Urlabhraí na Cosanta Sóisialta de chuid an Chomhaontais Ghlais faoi láthair. Tar éis dom MA sa Bhéarla a bhaint amach i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, rinne mé staidéar ar an mBunmhúinteoireacht i gColáiste Mhuire, Marino, agus mhúin mé i Scoil Náisiúnta Ghlór na Mara suas go dtí Olltoghchán 2020. Bhuaigh mé Ironman dhá uair, is ball de Chlub Trí-Atlain Phort Láirge mé agus táim i mo Chathaoirleach ar Fheachtas Rothaíochta Phort Láirge.

Marc Ó Cathasaigh, Spokesperson for Social Protection with his wife Róisín

Teagmháil

marc.ocathasaigh@oireachtas.ie