Minister Roderic O'Gorman

Teachta Dála
Aire

An tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige

Baile Átha Cliath Thiar
Profile photo of Minister Roderic O'Gorman with trees in the background
Quote marks

Creidim gur féidir geilleagar rathúil a bheith againn agus gur féidir linn athinfheistiú ar ais inár bpobail, rud a thacódh le seirbhísí oideachais, sláinte agus cúram leanaí agus a chuirfeadh timpeallacht shábháilte ghlan ar fáil do chách

Chuaigh mé isteach sa Chomhaontas Glas breis agus fiche bliain ó shin mar chreid mé inár gcomhshaol a chosaint, pobail inbhuanaithe a bhaint amach, agus Éire níos córa, níos cuimsithí agus níos cothroime do chách a bheith againn.Táimid ag baint amach na gcuspóirí sin sa rialtas agus táimid ag obair lena chinntiú gur áit í Éire ina dtacaítear le leanaí, le daoine óga agus lena dteaghlaigh chun go n-éireoidh leo sa saol.

Léirigh na deich mbliana seo caite an méid is féidir a bhaint amach nuair a oibrímid le chéile agus nuair a dhéanaimid feachtas ar son an athraithe. Anois, bunaithe ar mo chuid oibre leis an gComhaontas Glas mar Aire Rialtais, táim ag obair chun seirbhísí a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga, chun saol daoine LADTI+ a fheabhsú tuilleadh, chun dul i ngleic le ciníochas inár sochaí, chun cearta an Lucht Siúil agus na n-imirceach a chur chun cinn, agus chun dul i ngleic le foréigean teaghlaigh, gnéasach agus inscne-bhunaithe in Éirinn.

Recent Achievements

Led Ireland’s humanitarian response to the many thousands of Ukrainians displaced by the Russian invasion, ensuring accommodation could be provided to over 80,000 Ukrainians seeking refuge in Ireland

Passed the Work Life Balance Act, which introduces flexible working arrangements for caring purposes, 5 days unpaid Carer’s Leave, paid Domestic Violence leave, and expanded breastfeeding breaks. A 25% reduction in childcare costs and expanding entitlement to Parental Leave from 2 weeks to 7 will further support parents and carers

Published proposals for an €800m redress scheme for survivors and former residents of Mother and Baby Homes and County Home Institutions

Passed the Birth Information and Tracing Bill, 2022 which for the first time provides a clear and full right of access to all information about the birth and origins of adopted people, people affected by illegal birth registration and people who had been boarded out as children

Advance key equality legislation to ensure Adoptive Leave is available to male same-sex couples, to address the Gender Pay Gap and to work on introducing a ban on so-called ‘conversion therapy’

Mo thosaíochtaí mar TD do Bhaile Átha Cliath Thiar

Scoileanna áitiúla a fheabhsú agus a chinntiú go bhfuil dóthain áiteanna ar fáil do dhaonra méadaitheach leanaí agus daoine óga inár bpobal

Iompar poiblí saor agus éifeachtach a chur ar fáil trí sheirbhísí bus a fheabhsú, uasghrádú DART+ an Iarthair a chur i gcrích agus taisteal gníomhach a spreagadh le bealaí siúil agus rothaíochta feabhsaithe.

Tús áite a thabhairt do sholáthar tithe inacmhainne agus sóisialta do dhaoine i mBaile Átha Cliath Thiar, cíosanna a choinneáil ar rátaí inacmhainne agus cosaint dhlíthiúil a sholáthar do chíosaithe.

Spásanna glasa áitiúla a chosaint, agus gníomhú ar son na haeráide agus bearta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn inár bpobal.

Tacú le teaghlaigh maidir leis an gcaoi a roghnaíonn siad cúram leanaí a fháil, agus go háirithe, tacaíochtaí a fheabhsú do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Mo thosaíochtaí mar Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige

Costas an chúraim leanaí a laghdú go suntasach do theaghlaigh agus a chinntiú go bhfaigheann na daoine atá ag obair san earnáil cúram leanaí pá agus coinníollacha feabhsaithe atá i gcomhréir lena dtiomantas oideachas agus cúram ardchaighdeáin a sholáthar do leanaí.

Deireadh a chur leis an gcóras Soláthair Dhírigh agus samhail nua cóiríochta agus tacaíochta um chearta an duine a thabhairt isteach, dóibh siúd a theitheann go hÉirinn ar mhaithe le cosaint agus deis a saol a atógáil.

Infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí agus in eagraíochtaí óige chun eispéiris agus torthaí daoine óga a fheabhsú.

Seirbhísí a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear liostaí feithimh níos giorra, rochtain níos fearr ar theiripí agus cur i bhfeidhm an Bhille um Chumas Cinnteoireachta Cuidithe.

Tacú le daoine aonair agus le teaghlaigh cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a bhaint amach trí bhíthin teidlíochtaí reachtúla saoire a thabhairt isteach.

Taithí

Tógadh i mBaile Átha Cliath 15 mé agus tá mé i mo chónaí i sráidbhaile Bhaile Bhlainséir le m’fhear geallta Ray. Toghadh mar TD do Bhaile Átha Cliath Thiar mé i mí Feabhra 2020, agus ceapadh mar Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige mé nuair a bunaíodh an comhrialtas. Sula ndearnadh mé a thoghadh chuig Dáil Éireann, d’fhóin mé ar Chomhairle Contae Fhine Gall mar ionadaí do LEA Chaisleán Cnucha ar feadh sé bliana, tar éis dom a bheith tofa den chéad uair in 2014 agus atofa i dToghcháin Áitiúla 2019. Le linn na tréimhse seo d’fhóin mé ar Bhord Bainistíochta cúig scoil: Cúil Mhín, Scoil Choilm, Scoil Speisialta Danu, Pobail Setanta agus Coláiste Pobail Chaisleán Cnucha.

Sular toghadh mar TD mé, d’oibrigh mé mar léachtóir dlí; i gColáiste Uí Ghríofa ar an gcéad dul síos, agus níos déanaí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit ar thug mé léachtaí i nDlí an AE, Dlí Bunreachtúil agus Dlí um Athrú Aeráide.

Bhí mé i gceannas ar an bhfeachtas Yes Equality i mBaile Átha Cliath Thiar don reifreann ar phósadh comhionann agus bhí baint ghníomhach agam leis an bhfeachtas chun an 8ú Leasú a aisghairm.

 

Minister Roderic O'Gorman Convention 2022

Teagmháil

roderic.ogorman@oireachtas.ie