Just Transition Greens

Is gluaiseacht iad na Just Transition Greens a thugann tacaíocht do cheartas aeráide agus athrú ceart taobh amuigh agus istigh den Chomhaontais Ghlais.

Image
Slea Head on the Dingle peninsula, Kerry, Ireland.

Is cuid lárnach de throid ar son ceartais aeráide é Just Transition. Más rud é go bhfuil sé de chuspóir ag an gCeartas Comhshaoil nach bhfágfaí aon oibrí nó aon phobal ar lár agus an gníomh atá ag teastáil go práinneach á dhéanamh againn chun todhchaí níos fearr, níos sábháilte, níos inbhuanaithe a chruthú, is é Just Transition an córas inar féidir linn a chinntiú go bhfuil cearta an oibrithe agus cearta an phobail faoi chosaint agus muid ag dul i ngleic le dúshlán na haeráide. Tá roinnt de na hacmhainní fuinnimh in-athnuaithe is fearr ar domhan ag Éirinn, rud a dhéanann an t-athrú go córas 100% fuinnimh in-athnuaithe indéanta. Ba cheart go mbeadh an t-athrú seo pleanáilte i gceart, agus chomh cóir ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus atá sé ó thaobh na héiceolaíochta.

Is grúpa traspháirtí iad na Just Transition Greens a bhfuil sé mar aidhm acu oibrithe, pobail, fostóirí agus gníomhaireachtaí rialtais a thabhairt le chéile, agus an t-athrú i dtreo geilleagar aeráid-díonach a chinntiú chomh tapa agus chomh cothrom agus is féidir.

Ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn?

Lean an grúpa ar na meáin shóisialta:

Twitter