Óige Ghlas

Is iad na Glasaigh Óga dream óg an Chomhaontais Ghlais d'aon dalta nó cónaitheoir in Éirinn atá idir 16-30 bliain d'aois a thacaíonn leis an gceartas sóisialta, an inbhuanaitheacht, daonlathas an phobail, agus síocháin.

Image
Two members of the Young Greens chair a panel discussion with MEP Grace O'Sullivan

Creideann na Glasaigh Óga i gceartas sóisialta agus eacnamaíoch do chách, chomh maith le hinbhuanatheacht chomhshaoil don todhchaí. Mar bhrainse óg, tugaimid túsáite d'ábhair a imríonn tionchar ar dhaoine óga, lena n-áirítear an t-oideachas, an tithíocht, úsáid drugaí, agus cearta atáirgthe. Chuir an grúpa go mór le fás an pháirtí agus le treoir a thabhairt don pháirtí nios leithne – ó bheith ina chéad rannóg polaitiúil do dhaoine óga chun tacaíocht a thabhairt do chomhionannas pósta sa bhliain 2002, go troideanna crua agus rath i bhfeachtas in aghaidh táillí san oideachas tríú leibhéal sa bhliain 2009, go treoir a thabhairt don pháirtí maidir le féinriar collainne agus cearta atáirgthe na mban sa bhliain 2015.

Ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn?

Cuir ríomhphost chuig an ngrúpa ag info@younggreens.ie

Lean an grúpa ar na meáin shóisialta:

Twitter

Facebook

Instagram