Frithghiniúint Saor in Aisce

Tá an Comhaontas Glas i mbun feachtais le fada ar son frithghiniúint saor in aisce a chur ar fáil, agus gealltanas a fháil i gClár an Rialtais. Comhaontaíodh rochtain saor in aisce ar fhrithghiniúint do mhná agus do chailíní idir 17-25 bliana d'aois mar chuid de phacáiste €31 milliún do shláinte na mban i mBuiséad 2022.

'Make It Free' - a campaign for free contraception

Tá an Comhaontas Glas i mbun feachtais le fada ar son frithghiniúint saor in aisce. Is ionann Ceartas Atáirgthe agus folláine iomlán fhisiciúil, mheabhrach, spioradálta, pholaitiúil, shóisialta agus eacnamaíoch na mban agus na gcailíní, bunaithe ar chearta daonna na mban a bhaint amach ina
n-iomláine agus a chosaint.

Aithníodh i dtuarascáil ar an nGrúpa Oibre um Rochtain ar Fhrithghiniúint a foilsíodh in 2019 go raibh tosca amhail rochtain áitiúil, costas, náire, míchaoithiúlacht agus easpa eolais i measc na mbacainní ar rochtain ar fhrithghiniúint. Thug sí chun suntais freisin gur cheart tús áite a thabhairt do mhná óga agus do ghrúpaí leochaileacha agus frithghiniúint saor in aisce á tabhairt.

Mar chuid dár bhForógra 2020, chuamar i mbun feachtais chun frithghiniúint agus cuairteanna dochtúirí teaghlaigh gaolmhara a bheith saor in aisce le cinntiú nach bhfuil costais ina mbacainn ar chinntí pleanála teaghlaigh.

Quote marks

Tá sé riachtanach tús áite a thabhairt do chúram sláinte na mban chun cinntiú go bhfuil Éire chomhionann againn do gach bean. Ba mhór an dul chun cinn é an tOchtú Leasú a aisghairm ach ní hé an t-aon chúram atáirgthe atá ag teastáil. Lenár gcéad chéim eile tá sé mar aidhm againn amlíne a leagan amach chun scéim a fhorbairt le haghaidh frithghiniúint uilíoch saor in aisce i saolré an rialtais seo.

Fuair an Comhaontas Glas gealltanas i gClár an Rialtais rochtain saor in aisce ar fhrithghiniúint a leathadh amach do mhná agus do chailíní idir 17 agus 25 bliana d'aois mar ábhar tosaíochta, agus amlíne a leagan amach chun scéim a fhorbairt le haghaidh frithghiniúint uilíoch saor in aisce i saolré an rialtais seo.

Tar éis rún chun an tSeanaid ón gComhaontas Glas chun gníomh a lorg maidir leis an ngealltanas seo, d'fhógair an Rialtas go dtabharfar saor-rochtain ar fhrithghiniúint do mhná agus do chailíní idir 17-25 bliana d'aois mar chuid de phacáiste €31 milliún do shláinte na mban i mBuiséad 2022.

Green Party Senators Pauline O'Reilly, Vincent P Martin and Róisín Garvey bring a motion for free contraceptive to the Seanad in December 2020

Tabharfaidh rochtain ar fhrithghiniúint saor in aisce smacht do mhná óga ar a gcorp agus ar a saol féin

D'fháiltigh an Comhaontas Glas roimh fhógra an rialtais go dtabharfar rochtain saor in aisce ar fhrithghiniúint do mhná agus do chailíní idir 17-25 bliana d'aois. Tá an scéim mar chuid de phacáiste €31 milliún do shláinte na mban a fógraíodh do Bhuiséad 2022.

Tuilleadh eolais