Preasráiteas

Is beag am atá fágtha – an Comhaontas Glas ag rá go léiríonn tuarascáil an IPCC gur gá gníomhú i gcomhar chun iarmhairtí tubaisteacha an athraithe aeráide a sheachaint

9th August 2021
Image
Irish coast - stock image

Tá ráite ag an gComhaontas Glas gur práinní ná riamh teacht ar chomhthoil dhomhanda maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide tar éis don Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) an chéad chuid den séú measúnú uaidh ar staid an athraithe aeráide a fhoilsiú inniu.  Tugtar le fios sa mheasúnú go bhfuil an t-athrú aeráide ag tarlú go forleathan, go tapa agus go bhfuil sé ag géarú. Mínítear ann nár tharla cuid mhór de na hathruithe aeráide atá tugtha faoi deara le tamall anuas leis na mílte, nó fiú leis na céadta míle bliain, agus nach féidir cuid de na hathruithe atá ag tarlú cheana féin, amhail ardú leanúnach ar leibhéal na farraige, a aisiompú thar na céadta nó na mílte bliain.

Agus é ag freagairt ar a bhfuil sa tuarascáil, bhí an méid seo le rá inniu ag Ceannaire an Chomhaontais Ghlais agus an tAire Aeráide, Éamon Ryan;

“Is rabhadh neamhbhalbh í tuarascáil an lae inniu ón IPCC ina dtugtar le fios go bhfuil an méid ama atá fágtha againn le gníomhú in aghaidh an athraithe aeráide tar éis dul i laghad go mór. I gcás na hÉireann, táthar ag tuar sa tuarascáil go dtarlóidh tonnta teasa níos déine agus níos mó tuilte de réir mar a théann na teochtaí in airde. Tá athruithe áirithe i gceist nach féidir a aisiompú, amhail ardú ar leibhéal na farraige.  

Ritheamar an tAcht Aeráide le déanaí trína gcuirtear ar mhalairt treo muid chun neodracht charbóin a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus táthar ag rá linn sa tuarascáil sin nach tráth moille é seo. Caithfimid gníomhú anois. Leagfar amach sa Phlean um Ghníomhaíocht ar son na hAeráide a fhoilseofar go luath na bearta is gá dúinn a dhéanamh faoi 2030, amhail athruithe ar an gcaoi a mbímid ag giniúint ar gcuid fuinnimh, ag taisteal ó áit go háit, ag téamh ár n-áiteanna cónaithe, ag fás ár gcuid bia agus ag tabhairt aire don talamh.

Tá a fhios againn céard a chaithfimid a dhéanamh. Anois ní mór dúinn iarracht ollmhór náisiúnta agus dhomhanda a spreagadh chun é a dhéanamh. Má theipeann orainn gníomhú, beidh iarmhairtí tubaisteacha i gceist, go háirithe do phobail leochaileacha ar lú go mór an méid atá déanta acu le cur leis an bhfadhb.”

Bhí an méid seo le rá ag Urlabhraí an Chomhaontais Ghlais um Ghníomhaíocht ar son na hAeráide agus um an gComhshaol, agus Cathaoirleach an Choiste um Ghníomhaíocht ar son na hAeráide, Brian Leddin TD;

Tá tuarascáil an lae inniu ón IPCC ar an measúnú is cuimsithí ó 2013 ar chúrsaí mar atá ó thaobh an athraithe aeráide de. Ní chuirtear aon fhiacail ann sa tuarascáil maidir leis an bhfadhb, agus cuirtear i gcuimhne dúinn inti go bhfuil géarghá le comhthoil nua dhomhanda chun gníomhú ar son na haeráide ag comhdháil COP26, atá le bheith ar siúl i nGlaschú.

Léirítear sa tuarascáil go bhfuil gach aon tona d’astaíochtaí CO₂ ag cur leis an téamh domhanda, agus mura ndéanfar laghduithe tapa ollmhóra ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin láithreach, nach mbeifear in ann an téamh domhanda a choinneáil faoi theorainn méadú 1.5°C.

“Is beag am atá fágtha againn, agus ní mór dúinn gníomhú anois. Tá an chéad chéim thábhachtach tugtha againn in Éirinn tríd an Acht Aeráide a rith, ina bhfuil gealltanas ár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi leath laistigh de dheich mbliana. Foilseofar an Plean um Ghníomhaíocht ar son na hAeráide go luath chomh maith, agus léireofar ann go bhfuil Éire réidh lena cion féin a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán domhanda seo.”

Share on