Blag

Cláir intéirneachtaí agus taithí oibre an Chomhaontais Ghlais

4th March 2021
Image
A group of people sit at a round table working on a project.

Chun feabhas a chur ar eolas an phobail ar an bpolaitíocht agus chun deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga páirt a ghlacadh sa pholaitíocht, tá sraith clár píolótach intéirneachtaí agus taithí oibre ar íocaíocht ceaptha ag an gComhaontas Glas. Díríonn na cláir sin go háirithe ar dhaoine óga ar beag deis a bhíonn acu páirt a ghlacadh sa pholaitíocht mar gheall ar chonstaicí córasacha éagsúla, agus cabhraíonn siad le daoine óga ó chúlraí éagsúla a bheith páirteach. Tá sé mar aidhm againn trí na cláir sin taithí chaighdeánaithe a chur ar fáil do mhic léinn agus do dhaoine ar suim leo a bheith páirteach, agus a chinntiú go bhfaigheann gach aon duine a bhíonn páirteach iontu taithí luachmhar.

Níos luaithe i mbliana, reáchtáil an Páirtí clár píolótach intéirneachtaí ar íocaíocht a mhair seachtain amháin, agus clár píolótach aonlae a raibh mic léinn ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, páirteach ann, trínar cuireadh deis ar fáil do na mic léinn sin plé le foireann agus le hionadaithe tofa an Chomhaontais Ghlais. Ghlac na hintéirnigh sin páirt iomlán i ngníomhaíochtaí an Chomhaontais Ghlais, agus iad ag tacú le foirne éagsúla lena gcuid oibre ar fhorbairt shóisialta, eacnamaíoch agus timpeallachta in Éirinn, rud a thug deis dóibh a scileanna taighde agus oibre foirne a fhorbairt. D’fheabhsaigh na cláir sin eolas na mac léinn sin ar an bpolaitíocht, agus mhéadaigh siad an mhuinín atá acu páirt a ghlacadh sa pholaitíocht ina dhiaidh seo, go háitiúil agus go náisiúnta. Dúirt na hintéirnigh a ghlac páirt sna cláir go raibh eispéireas an-dearfach acu, agus gur bhain siad taitneamh as bualadh le daoine i bpoist éagsúla agus ó chúlraí éagsúla sa pholaitíocht.

Ós rud é gur éirigh chomh maith sin leis na cláir phíolótacha sin, beidh clár intéirneachtaí á reáchtáil ag an gComhaontas Glas. Beidh tuilleadh eolais faoin gclár intéirneachtaí ar fáil ar leathanach gréasáin deiseanna fostaíochta agus intéirneachtaí.

Share on