Preasráiteas

Déanfaidh an beartas Tús Áite do Lár an Bhaile ‘pobail a chumhachtú chun bailte agus sráidbhailte ar mhaith linn cónaí iontu a chruthú’

4th February 2022
Image
A graphic for the Town Centre First policy.
The Town Centre First policy marks a significant step towards bringing back life and vibrancy to communities and towns across the country

Is céim shuntasach é seoladh bheartas an lae inniu (4 Feabhra), Tús Áite do Lár an Bhaile, chun beatha agus beocht a thabhairt ar ais do phobail agus do bhailte ar fud na tíre. Tá cur chuige Tús Áite do Lár an Bhaile á mholadh le fada an lá ag an gComhaontas Glas maidir le hathghiniúint tuaithe agus forbairt inbhuanaithe.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Stáit le freagracht as Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchánach, Malcolm Noonan TD;

“Tá an-áthas orm an beartas Tús Áite do Lár an Bhaile a sheoladh inniu in éineacht leis an Aire Humphreys agus leis an Aire Burke. Is céim thábhachtach é seo maidir lenár bpobail a chumhachtú chun bailte agus sráidbhailte a chruthú ar mhaith linn cónaí iontu agus a bheith bródúil astu. Ó thaobh na hailtireachta, an chultúir agus na sochaí de, tá an baile Gaelach uathúil ó thaobh na hEorpa de. Le fada an lá, tá ár gcúl iompaithe againn ar an oidhreacht thábhachtach seo.

“Féachann beartas an Rialtais, Tús Áite do Lár an Bhaile, le tacú le pobail, iad a chumasú agus a spreagadh le bheith ina rannpháirtithe gníomhacha in athghiniúint a mbailte agus a sráidbhailte féin faoi stiúir na hoidhreachta. Cuirfidh sé seo borradh faoin miondíol neamhspleách agus cuirfidh sé cónaí i lár an bhaile chun cinn, rud a thacóidh le hathléimneacht eacnamaíoch áitiúil trí bhíthin spásanna uirbeacha in-áitrithe bríomhara, atá neamhdhíobhálach don dúlra, a chomhchruthú. Cuideoidh sé freisin le pobail a chur i gcroílár an phróisis pleanála agus cinnteoireachta bunaithe ar ‘Foirne Baile’ faoi stiúir saoránach. Tacóidh Oifigeach Athnuachana Baile tiomnaithe agus na húdaráis áitiúla leo agus beidh maoiniú rialtais mar thaca leo.”

Díríonn cur chuige Tús Áite do Lár an Bhaile ar lár bailte móra a athbheochan agus a athghiniúint trí fhoirgnimh fholmha agus thréigthe a thabhairt ar ais in úsáid agus deiseanna nua a chruthú do thailte neamhúsáidte, rud a spreagfaidh níos mó daoine chun cónaí agus oibriú inár mbailte agus sráidbhailte tuaithe.

Dúirt Steven Matthews TD, Urlabhraí na Pleanála agus an Rialtais Áitiúil de chuid an Chomhaontais Ghlais agus Cathaoirleach Choiste an Oireachtais um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht;

“Tá sár-áthas orm a fheiceáil go gciallaíonn an beartas a seoladh inniu go mbeidh gnólachtaí agus cónaitheoirí in ann rochtain a fháil ar mhaoiniú agus ar thacaíochtaí le haghaidh oiriúnuithe agus athchóirithe foirgnimh trí bhíthin ‘ionad ilfhreastail’ i ngach údarás áitiúil. Is príomhchuspóir de chuid an Chomhaontais Ghlais é Tús Áite do Lár an Bhaile. Mholamar cur chuige Tús Áite do Lár an Bhaile le blianta fada agus chinntíomar go raibh sé san áireamh i gClár an Rialtais.”

Dúirt an Seanadóir Róisín Garvey, Urlabhraí na Forbartha Tuaithe, na Fiontraíochta, na Trádála agus na Fostaíochta de chuid an Chomhaontais Ghlais;

“Creideann an Comhaontas Glas i bpobail inbhuanaithe a thógáil. Is féidir le beartas Tús Áite do Lár an Bhaile a chinntiú go mbeidh na nithe seo a leanas i gcroílár na caoi a bpleanálaimid ár mbailte agus ár sráidbhailte: tithíocht d’ardchaighdeáin, poist, moil oibre, naisc mhaithe iompair, bonneagar uisce, spásanna poiblí sábháilte agus inrochtana agus athléimneacht aeráide. Má fhaighimid an ceart seo, ciallóidh sé go mbeidh deis ag ár leanaí agus ár ngarchlann cónaí san áit is mian leo – i sráidbhaile, i mbaile nó i gcathair – agus go mbeidh roghanna acu. Baineann slándáil, sábháilteacht, comrádaíocht, agus an ceangal sóisialta sin a teastaíonn uainn go léir mar dhaoine,
le sráidbhailte agus bailte beomhara in-áitrithe.”

Share on