Preasráiteas

Gheobhaidh teaghlaigh íocaíocht don fhuinneamh in-athnuaite a tháirgeann siad faoin Scéim Tacaíochta don Mhicrighiniúint

21st December 2021
Image
Solar panels on a roof

Chuir an Comhaontas Glas fáilte roimh fhógra an Aire Eamon Ryan go mbeidh dhá scéim nua ar fáil a thabharfaidh tacaíocht do theaghlaigh agus pobail páirt a ghlacadh i ngníomhú ar son na haeráide. Chun é sin a dhéanamh, íocfar as an leictreachas a easpórtálann siad chuig an eangach náisiúnta.

Leis an Ráthaíocht Easpórtála Glaine, beifear in ann ráta margaidh iomaíoch a íoc le teaghlaigh agus le pobail a bhfuil suiteálacha beaga de phainéil ghréine acu as an leictreachas a onnmhairíonn siad chuig an eangach. Ráthaíonn an Phréimh Easpórtála Glaine ráta íocaíochta do na 15 bliana amach romhainn do ghineadóirí meánmhéide amhail painéil ghréine ar ionaid phobail agus ar fhoirgnimh feirme.

Ag cur fáilte roimh an nuacht, dúirt Brian Leddin TD, Urlabhraí Ghníomhú ar son na hAeráide agus an Chomhshaoil de chuid an Chomhaontais Ghlais agus Cathaoirleach Chomhchoiste an Oireachtais um Ghníomhú ar son na hAeráide;

“Cuirim fáilte roimh an nuacht go n-íocfar sealbhóirí tí as an leictreachas a tháirgeann siad. Ba ghealltanas é seo i gClár an Rialtais agus tacóidh sé le sealbhóirí tí a gcuid leictreachais féin a ghiniúint. Cuirim fáilte go háirithe roimh an bhfógra go n-íocfar taraif níos airde le grúpaí pobail agus le feirmeoirí. Ligeann sé dúinn páirt chomhchoiteann a ghlacadh i ngníomhú ar son na haeráide trí fhoinse ioncaim chobhsaí a sholáthar do hallaí spóirt, do ghrúpaí pobail agus d’fhoirgnimh eile faoi úinéireacht an phobail, buíochas le cumhacht na gréine a tháirgeadh. Tairgfear foinse ioncaim inbhuanaithe agus chobhsaí d’fheirmeoirí ó chumhacht na gréine, rud a chinnteoidh nach mbeidh siad chomh leochaileach céanna d’arduithe ar phraghas an leictreachais”.

“Tá an Comhaontas Glas ag seachadadh sa rialtas agus ligfidh na bearta a fógraíodh inniu do chuid mhór daoine a leas féin a bheith acu, trína dteach, trína bpobal nó trína bhfeirm, i dtodhchaí ghlan in-athnuaite.”

Share on