Blag

Táimid tiomanta do fhreagairt dhaonnúil fhlaithiúil agus atruach ar ghéarchéim na hÚcráine

16th March 2022
Image
Sunflower and Ukraine flag colours - the national flower of the Ukraine

Ráiteas ón Aire Roderic O’Gorman maidir leis an Úcráin

Cosúil le go leor agaibh, chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an tionchar uafásach ar shaoránaigh na hÚcráine uafás orm. Mar thoradh ar an ionradh, tá géarchéim dhaonnúil os comhair na hEorpa anois ar scála nach bhfacthas ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda.

Ó cuireadh tús leis an ionradh, tá tacaíocht agus dlúthpháirtíocht ó mhuintir na hÉireann ag dul i méid, agus tá an Rialtas lánchinnte go ndéanfaidh Éire a cion féin chun freagairt don ghéarchéim seo.

Cé nach bhfuil an scála iomlán ó thaobh líon na ndaoine a thaistealóidh go hÉirinn soiléir fós – táimidne, mar thír, ag tabhairt faoi cheann de na freagairtí daonnúla is mó a d’eagraigh an Stát riamh. Agus é seo á scríobh, tá thart ar 6,600 duine ón Úcráin tagtha go hÉirinn le trí seachtaine anuas.

Chuir Éire, in éineacht le gach Ballstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh, an Treoir maidir le Cosaint Shealadach i ngníomh, a ligeann dóibh siúd atá ag teitheadh ón Úcráin dul isteach sa tír gan víosa, agus a chuireann ar a gcumas rochtain a fháil ar go leor de na tacaíochtaí Stáit céanna a bhfuil rochtain ag saoránaigh den Aontas Eorpach orthu.

Tá ‘ionad ilfhreastail’ curtha ar bun againn in Aerfort Bhaile Átha Cliath, áit a gcuirtear Uimhir PSP agus tacaíochtaí eile ar fáil dóibh siúd a thagann isteach sula dtaistealaíonn siad chuig a gcóiríocht. Bunófar seirbhís den chineál céanna go luath i gCorcaigh.

Is í mo Roinn atá freagrach as riachtanais chóiríochta láithreacha na ndaoine atá ag teitheadh ón Úcráin agus tá m’oifigigh ag obair ó dhubh go dubh chun cóiríocht a fháil ar fud na tíre.

Quote marks

Tá géarchéim dhaonnúil os comhair na hEorpa anois ar scála nach bhfacthas ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda. Ag obair le Cros Dhearg na hÉireann, tá clár do ghealltanais chóiríochta bunaithe againn, agus tráth scríofa, tá thart ar 20,000 tairiscint cóiríochta faighte againn. Is creidiúint é sin do mhuintir na hÉireann.

Ag obair le Cros Dhearg na hÉireann, tá clár do ghealltanais chóiríochta bunaithe againn, agus tráth scríofa, tá thart ar 20,000 tairiscint cóiríochta faighte againn. Is creidiúint é sin do mhuintir na hÉireann.

Cé go nglacfar leis na tairiscintí seo go luath, sa ghearrthéarma táimid ag labhairt le húinéirí óstán, úinéirí leaba is bricfeasta agus Airbnb faoi chóiríocht a fháil. Chomh maith leis sin, táimid ag obair le comhlachtaí agus Ranna Stáit eile faoi aon chóiríocht a d’fhéadfadh a bheith ar fáil acu.

Sna seachtainí amach romhainn, cuirfimid moltaí i láthair an Rialtais ina leagfar amach pleananna meántéarmacha agus fadtéarmacha maidir le freastal ar dhaoine a theith ón Úcráin. I bhfianaise na n-uimhreacha a d’fhéadfadh taisteal go hÉirinn, beidh freagairt shuntasach leanúnach ag teastáil ón Stáit.

Tá an Rialtas tiomanta do fhreagairt dhaonnúil fhlaithiúil agus atruach ar ghéarchéim na hÚcráine. Tá a fhios agam go bhfuil muintir na hÉireann ag iarraidh an rud céanna a fheiceáil, agus a fheiceáil go bhfuil an fód á sheasamh againn agus go bhfuilimid ag tacú leo siúd atá ag teitheadh anseo atá i ngátar.

Dóibh siúd ar mian leo tacaíocht a thairiscint, tá roinnt nasc thíos le heagraíochtaí atá ag líne thosaigh na freagartha.

Roderic O’Gorman, TD
An tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige

Share on