Minister Catherine Martin

Teachta Dála
Aire

An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Baile Átha Cliath Ráth an Dúin
Catherine Martin
Quote marks

Gabhann ceartas sóisialta go dlúth trí chroílár ceartais éiceolaíochta – tá braistint chothroime agus mhuintearais chuimsithigh go smior ann. Tagaimis le chéile d’fhonn an teachtaireacht sin a scaipeadh mórthimpeall na hÉirinn

Tá mé ag obair ar phobal a chruthú atá machnamhach ó thaobh an chomhionannais, glas, inbhuanaithe, ionchuimsitheach, idircheangailte agus bríomhar – ionas gur féidir linn pobal slán agus cothrom a fhágáil do na glúnta atá le teacht, ceann a léiríonn an-ómós dár dtimpeallacht agus dár tsochaí.

Throid mé ar son athraithe ar ár gcur chuige maidir le soláthar tithíochta – d’iarr mé ar an Stát samhail de thithíocht inacmhainne ar cíos de réir costais a sholáthar agus cabhrú le húinéirí tí atá ag déileáil le lochtanna; Throid mé ar son an chomhionannais sa scolaíocht tríd an mBacainn Bhaiste a bhaint, agus ar son an phá chomhionainn sa tseirbhís phoiblí; Throid mé ar son chaomhnú ár bhfiadhúlra agus ár n-oidhreachta nádúrtha. Leanfaidh mé i mbun oibre ar shochaí níos cothroime, níos sábháilte agus níos ionchuimsithí, agus ar thír ghlas agus inbhuanaithe a chruthú.

Mo thosaíochtaí

Comhionannas agus éagsúlacht inscne a neartú sa tsochaí i gcoitinne.

Tacú le forbairt earnála turasóireachta atá inbhuanaithe agus iomaíoch ó thaobh an chomhshaoil de.

Gníomhú ar son na haeráide agus réitigh ina leith a bheith chun tosaigh.

Fostaíocht i ngeilleagar glas inbhuanaithe a chruthú.

Cur ar chumas ealaíontóirí a bheith rathúil ina slite beatha.

Comhionannas rochtana agus deiseanna san oideachas.

Infheistíocht i dtithíocht, i sláinte, i bhfolláine agus inár bpobail áitiúla.

Earnáil na meán atá bríomhar agus inbhuanaithe ó thaobh an airgeadais de a chinntiú chun tacú lenár ndaonlathas.

Tacú le pobail Ghaeltachta agus ár dteanga dhúchais a chosaint.

Rannpháirtíocht sa spórt a mhéadú i measc an daonra, go háirithe i measc na mban agus na gcailíní.

Taithí

Is as Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin ó dhúchas mé. Is TD i ndáilcheantar Ráth an Dúin BÁC mé ó mhí Feabhra 2016, agus is Leascheannaire an Comhaontais Ghlais mé ó 2011. Ceapadh mé mar Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán nuair a bunaíodh an Rialtas i mí an Mheithimh 2020. Bhunaigh mé Cácas Parlaiminte na mBan de chuid an Oireachtais i mí na Samhna 2017 agus toghadh mé mar Chathaoirleach tionscnaimh air don 32ú Téarma Dála.

Is céimí mé ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus amhránaí clasaiceach, agus mhúin mé Béarla agus Ceol i bPobalscoil Naomh Tiernan i nDún Droma, Baile Átha Cliath, ar feadh 16 bliana sular toghadh chuig an Dáil mé. Bhí mé i mo Chomhairleoir ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ó 2014 go 2016 agus d’fhóin mé ar bhoird Bhord Oiliúna Oideachais Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire, Coláistí Breisoideachais Dhún Droma agus Stigh Lorgan agus Pobalscoil Naomh Tiernan.

Catherine Martin TD speaks at the Catherine Martin at the Green Party Annual Convention 2016

Teagmháil

catherine.martin@oireachtas.ie
016183018