Patrick Costello

Teachta Dála

Urlabhraí an Cheartais

Baile Átha Cliath Theas-Lár
Deputy Patrick Costello
Quote marks

Creidim san infheistíocht i bpobail – ag obair lena chinntiú go bhfuil siad dea-phleanáilte agus inbhuanaithe agus go bhfuil spás iontu do chách.

Tar éis deich mbliana a chaitheamh ag obair le pobail leochaileacha, mar Oibrí Sóisialta um Chosaint Leanaí le déanaí, tá taithí phraiticiúil agam ar na cúinsí diana atá ag cur isteach ar theaghlaigh ar fud ár gceantair faoi láthair. D’oibrigh mé go deonach ar feadh deich mbliana mar Cheannaire Gasóg ag Grúpa Gasóg Pháirc Líosain agus thaispeáin sé sin dom go dtógtar pobal bunaithe ar rannpháirtíocht agus go gcuireann an obair chrua feabhas ar rudaí. Ba mhaith liom go mbeadh Baile Átha Cliath ina chathair atá níos dírithe ar an bpobal agus níos inbhuanaithe; cathair bhríomhar a tógadh do dhaoine. Creidim san infheistíocht i bpobail – ag obair lena chinntiú go bhfuil siad dea-phleanáilte agus inbhuanaithe agus go bhfuil spás iontu do chách.

Recent Achievements

Secured the opening of an autism spectrum disorder school in Crumlin

Co-authored the Oireachtas Special Committee Report for the Regularisation of International Surrogacy

Passing of an all-party motion recognising Israeli settlements as defacto annexation of Palestinian land

Secured therapeutic supports for individuals in state care

Secured the appointment of two additional data protection commissions by the DPC

Taithí

D’oibrigh mé mar oibrí sóisialta um chosaint leanaí sular toghadh mé mar TD do Bhaile Átha Cliath-Theas Lár. D’oibrigh mé le daoine fásta agus le daoine óga gan dídean nó a raibh andúil acu. D’oibrigh mé go deonach freisin mar cheannaire gasóg le breis agus deich mbliana, nuair a ghlac mé páirt i bpobail a fhorbairt. Suím ar bhord CLAY, tionscadal óige pobalbhunaithe atá lonnaithe i gCromghlinn a chuireann réimse seirbhísí ar fáil chun scileanna saoil agus deiseanna a fheabhsú do dhaoine óga sa cheantar. Tar éis dom neamhionannas a fheiceáil inár sochaí go pearsanta agus ballraíocht a ghlacadh sa Chomhaontas Glas, sheas mé le haghaidh oifig phoiblí. Sheas mé sa toghchán do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath den chéad uair in 2014 agus arís in 2019 – fuair mé an líon is mó vótaí ar an dá ócáid sin. Sa cháil seo d’oibrigh mé d’fhonn Baile Átha Cliath inbhuanaithe a thógáil ag díriú ar thaisteal gníomhach, ar chaighdeán an aeir agus ar phleanáil níos fearr d’iompar poiblí, agus do sheirbhísí coisithe agus rothaíochta.

Mo thosaíochtaí

Teastaíonn tithíocht phoiblí ar ardchaighdeán ó Éirinn – caithfimid breis tithe a thógáil, do gach aois agus ioncam. Ach níl ach líon beag tithe á dtógáil, poiblí nó príobháideach. Caithfear é sin a athrú.

Caithfimid forbairt phobail a chumhachtú. Agus dúshláin an lae inniu romhainn, is féidir linn teacht le chéile chun cabhrú lena chéile agus chun tacú lena chéile. Ligeadh síos an earnáil phobail arís agus arís eile. Déanfaidh an Comhaontas Glas athchóiriú ar struchtúir forbartha pobail, ionas go dtabharfaidh siad cumhacht do phobail.

Tá iompar inbhuanaithe ag teastáil ó Éirinn – caithfimid tacú le rothaíocht, siúl agus iompar poiblí. Ní hamháin go gcuideoidh sé seo linn aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an athraithe aeráide, ach beidh ár mbailte agus ár gcathracha níos glaine agus níos inrochtana freisin.

Caithfimid dul i ngleic leis an Athrú Aeráide. Cé gur féidir linn go léir athruithe aonair a dhéanamh, is é an rud atá ag teastáil ná beart tromchúiseach ón rialtas chun fíordhifríocht a dhéanamh maidir le hAthrú Aeráide. Theip ar an rialtas seo arís agus arís eile. Teastaíonn rialtas nua uainn a ghníomhóidh díreach anois.

Photo of Patrick Costello and Hazel Chu holding a sign that reads 'Want Green? Vote Green!'

Teagmháil

Patrick.Costello@Oireachtas.ie