Pobail

Tá an Comhaontas Glas ag obair chun Éire rathúil a chinntiú do gach pobal trí thithíocht inacmhainne, scéim ioncaim bhunúsaigh, tionscnaimh geilleagair oíche i measc go leor eile.

Catherine Martin at the launch of the Report of the Night-Time Economy Taskforce

Scéim Bunioncaim

Tá an Comhaontas Glas i mbun feachtais ar son Bunioncaim Uilíoch mar chur chuige nua dár gcóras íocaíochtaí sóisialta a d'fhéadfadh tacaíocht níos fearr a chur ar fáil d'fhaighteoirí a ndeiseanna oideachais, sóisialta agus fostaíochta a uasmhéadú. Fuair an Comhaontas Glas gealltanas do scéim bunioncaim uilíoch ar bhonn píolótach i saolré an Rialtais seo i gClár an Rialtais.

Tá €25m faighte ag Aire de chuid an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin chun scéim Phíolótach Bunioncaim a mhaoiniú d'ealaíontóirí agus d'oibrithe ealaíon in 2022 mar chuid den scéim seo agus é bunaithe ar mholtaí ón Tascfhórsa um Théarnamh na nEalaíon agus an Chultúir. Tá tacaíocht léirithe le fada ag an gComhaontas Glas do phobal na n-ealaíon agus tá an tAire Martin ina ceann feadhna sa rialtas chun an scéim phíolótach a bhaint amach mar chuid de phacáiste tacaíochta do na healaíona.

Image
Joe O'Brien holds a sign reading 'Supporting Communities'
Joe O'Brien TD, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas

Tithíocht inacmhainne

Tá an gá atá le tithíocht inacmhainne ar cheann de na saincheisteanna is mó atá os comhair ár bpobal, agus tá an Comhaontas Glas ag obair go dian chun córas tithíochta níos inbhuanaithe a chur ar fáil in Éirinn.

Tithíocht do Chách

D'fháiltigh an Comhaontas Glas roimh an bplean Tithíocht do Chách i Meán Fómhair 2021. Tabharfar rochtain do dhaoine ar thithíocht ardchaighdeáin chun cíos nó í a cheannach ar phraghas réasúnta. Sa straitéis seo beidh an leibhéal is airde riamh d'infheistíocht Rialtais i dtógáil tithíochta sóisialta agus inacmhainne. Tá Tithíocht do Chách bunaithe ar cheithre chonair a oibríonn le chéile chun córas tithíochta níos inbhuanaithe a chruthú. Tacóidh an plean le húinéireacht tí agus méadóidh sé inacmhainneacht; aghaidh a thabhairt ar easpa dídine, seachadadh tithíochta sóisialta a mhéadú agus tacú le cuimsiú sóisialta; soláthar tithíochta a mhéadú agus úsáid éifeachtúil a bhaint as an stoc tithe atá ann cheana féin.

Cíos Costais

Tá tús curtha ag an gComhaontas Glas leis na chéad aonaid ar cíos de réir costais a sheachadadh agus cíos costais a dhéanamh ina dhlí ar deireadh, ag cur tús le claochlú tithíochta in Éirinn. Is ionann cíos costais agus cóiríocht ar cíos nua-aimseartha d'ardchaighdeán á soláthar ag an stát. Tá cíosanna 40% níos ísle ná praghsanna margaidh ag na tithe seo, rud a fhágann go bhfuil an cineál seo cóiríochta cónaithe inacmhainne.

100% Tithíocht shóisialta inacmhainne ar thalamh poiblí

Gheall an Rialtas, tar éis míonna d'fheachtasaíocht ó Theachtaí Dála an Chomhaontais Ghlais, go méadófaí soláthar tithíochta poiblí ar thalamh poiblí inár gcathracha. I gceantair mhóra uirbeacha, mar a fheictear i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, is í tithíocht shóisialta inacmhainne a bheidh i gceist le 100% den tithíocht a thógfaidh an Ghníomhaireacht Forbartha Talún ar thalamh poiblí. Leis seo, feicfear méadú suntasach ar uaillmhian maidir le cíos costais agus tithíocht ceannaigh inacmhainne i láir ár gcathracha, áiteanna ina bhfuil na fadhbanna inacmhainneachta tithíochta is géire.

Geilleagar Oíche

Tá ionadaithe ón gComhaontas Glas i mbun feachtais le fada chun tacaíochtaí feabhsaithe a chur ar fáil don gheilleagar oíche. Is earnáil thábhachtach í siamsaíocht oíche na hÉireann, rud a chuireann lenár ngeilleagar agus lenár bpobail chultúrtha agus chruthaitheacha. Ní mór dúinn í a chosaint, a thacú agus a chothú – go háirithe agus muid ag tosú ag éirí aníos as paindéim agus ag tosú ag smaoineamh ar conas agus cá háit a mbuaileann muid le chéile agus pleanáil lár na cathracha agus bailte faoi bhun.

Bhunaigh an tAire Catherine Martin tascfhórsa an Gheilleagair Oíche an 30 Iúil 2020 mar cheann de na gníomhartha tosaíochta don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus mar phríomhghealltanas i gClár an Rialtais. Scrúdaigh an tascfhórsa, ar a bhfuil raon leathan Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí agus Give Us The Night, na príomhdhúshláin atá roimh chultúr oíche. Áiríodh leo sin rialacháin, dlíthe ceadúnaithe, iompar agus éagsúlacht gníomhaíochtaí cultúrtha, agus é mar aidhm réitigh agus deiseanna nua a aithint.

Gníomhaíocht Phobail ar fud earnálacha

Tá na milliúin euro curtha ar fáil ag an Aire Joe O'Brien chun tacú le Seirbhísí Pobail agus leis an earnáil dheonach.

Sheol an tAire Joe O'Brien Clár Píolótach Náisiúnta d'Oibrithe Deonacha Pobail nua i gcomhpháirtíocht le hObair Dheonach Éireann agus Ionaid Dheonacha.

D'fhógair an tAire Catherine Martin na milliúin euro i maoiniú chun tacú le téarnamh na hearnála taibhithe bheo ó shrianta Covid.

Léigh tuilleadh faoinár gcuid oibre ar son na Pobail
Report of night-time economy taskforce

Tá sé mar aidhm ag tuarascáil an gheilleagair oíche bailte agus cathracha na hÉireann a chur i réim arís

Tuilleadh eolais

 


Irish Housing Estate - stock image

Tiomantas méadaithe do Thithíocht Phoiblí ar Thalamh Poiblí bainte amach ag an gComhaontas Glas

Tuilleadh eolais

 


Green Party Spokesperson for Housing, Francis Noel Duffy TD, Deirdre Ní Fhloinn and Conor Linehan launch Defective Dwellings Bill 2021.

An Bille um Theaghais Lochtach de chuid an Chomhaontais Ghlais le cinntiú go bhfuil tithe oiriúnach don fheidhm

Tuilleadh eolais