Preasráiteas

‘Caithfimid an deis seo a thapú chun ionchais aos óg na hÉireann a chomhlíonadh’, a deir an Comhaontas Glas agus an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide á sheoladh

4th November 2021
Image
The Time is Now logo from the Green Party Annual Convention 2021

Is é an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide nua an plean aeráide is mionsonraithe agus
is uaillmhianaí i stair an stáit. Leagtar treochlár d’Éirinn amach ann ina bhfaightear na spriocanna agus na bearta is cuí chun ár ngealltanais a chomhlíonadh i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa
a laghdú 50% faoi 2030 agus astaíochtaí atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050. 

Dúirt Brian Leddin TD, Cathaoirleach Choiste Aeráide an Oireachtais agus Urlabhraí an Iompair, Ghníomhú ar son na hAeráide agus an Chomhshaoil de chuid an Chomhaontais Ghlais;

“Is é an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide ár dtreochlár chun athrú sistéamach a bhaint amach ar fud ár sochaí – i ngach pobal agus i ngach earnáil. Ní bheidh sé seo éasca. Rachaidh an turas amach romhainn go mór i bhfeidhm ar an gcaoi a mairimid, ar an gcaoi a dtaistealaímid agus ar an gcaoi a n-oibrímid. Tá an t-am ann chun gníomhú. Bainfidh todhchaí níos fearr leis na hathruithe sin d’Éirinn; aer agus uisce níos glaine, tithe níos teolaí, laghdú ar an dramhaíl agus ar an gcultúr caifeach agus geilleagar rathúil ina mbeidh i bhfad níos mó post glas ar fáil.”

“Tá sprioc na hÉireann maidir lenár n-astaíochtaí carbóin a laghdú 50% faoi 2030 agus astaíochtaí atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050 leagtha síos sa dlí anois. Don chéad uair riamh tá a fhios againn leis an bplean gníomhaíochta seo cad iad na bearta is gá dúinn a dhéanamh chun é sin a bhaint amach. I measc na mbeart is criticiúla sa phlean, tá bearta chun an cion leictreachais in-athnuaite a mhéadú go dtí suas le 80% faoi 2030. Ní hamháin go laghdóidh sé sin
ár n-astaíochtaí ón leictreachas, cuirfidh sé ar ár gcumas earnálacha eile amhail iompar agus teas
a leictriú, rud a laghdóidh ár n-astaíochtaí sna hearnálacha sin freisin.”

Quote marks

Caithfimid an deis seo a thapú chun ionchais aos óg na hÉireann a chomhlíonadh, agus tá na deich mbliana amach romhainn an-tábhachtach.

Dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD; 

“Le cúpla bliain anuas, tá na daoine óga ar thús cadhnaíochta agus gníomhaíocht radacach á lorg acu maidir leis an athrú aeráide. Sheas siad an fód agus chuaigh siad ar na sráideanna ag éileamh go ndéanfaimid – mar pholaiteoirí agus mar cheannairí – na bearta is gá chun na tionchair is measa de chliseadh aeráide a sheachaint, agus rinne siad é sin toisc go bhfuil a fhios acu gurb é a dtodhchaí atá i gceist.

“Agus mé ag labhairt le daoine óga mar Aire Leanaí agus Óige, tuigim cé chomh feasach is atá siad faoin mbagairt atá romhainn. Is plean uaillmhianach é, ach anois is mithid a bheith uaillmhianach. Caithfimid an deis seo a thapú chun ionchais aos óg na hÉireann a chomhlíonadh, agus tá na deich mbliana amach romhainn an-tábhachtach.”

Tiocfaidh ceannairí ó mhórthimpeall na cruinne le chéile i nGlaschú an tseachtain seo do GOP26 chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus gealltanais a chaibidliú chun an t-ardú teochta a teorannú go 1.5 céim. Léiríonn Plean na hÉireann um Ghníomhú ar son na hAeráide tiomantas na tíre a bheith ar thús cadhnaíochta ar domhan maidir leis an athrú aeráide a chomhrac agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar na neamhionannais a d’fhéadfadh teacht chun cinn. 

Dúirt an tAire Stáit um Fhorbairt Pobail agus Carthanais, Joe O’Brien;

“Aithnítear sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide go mbeidh tionchar níos mó ag na hathruithe sin ar roinnt earnálacha agus pobal. Tá prionsabail an Aistrithe Chóir leabaithe sa phlean agus déanfar foráil ann freisin do dheiseanna forbartha acmhainní do phobail chun cinntiú
go mbainfidh gach duine tairbhe as na hathruithe dearfacha atá ag teacht. 

“Cinnteoidh an t-Idirphlé Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide go dtabharfar cumhacht dóibh siúd a rachfar i bhfeidhm orthu, feirmeoirí san áireamh, agus go mbunófar Coimisiún um Aistriú Cóir. Tá gach méadú ar fháltais cánach carbóin curtha in áirithe do bhearta cosanta sóisialta spriocdhírithe, leathnú ar iarfheistiú, go háirithe do thithe sóisialta agus tithe do dhaoine ar ioncam íseal, agus tionscadail agra-chomhshaoil REPS 2.”

Share on